Stair

Stair an Chumainn

Tá peil á imirt i bparóiste Chill na Martra i nGaeltacht Mhúscraí ó bunaíodh an CLG sa bhliain 1884, agus fiú roimhe sin. An chéad bhua a bhí ag an gclub, go bhfuil taifead againn air, ná cluiche a imríodh i gcoinne Bhaile na Graí sa bhliain 1887. Imreoir is fiche a bhí ar an dá fhoireann!

As sin go dtí gur athbhunaíodh an club sa bhliain 1978 bhí peil á imirt sa pharóiste ar bhonn neamhrialta. Ó 1978 ar aghaidh tá an club ag dul ó neart go neart agus coirn tugtha abhaile ag ár bhfoirne Fé12, 13, 14, 15, 16, 18, 21, Sóisear B agus Sóisear A. Bhuamar Craobh Shóisear ‘A’ Mhúscraí den chéad uair i 2002 agus d’éirigh linn an gaisce céanna a dhéanamh i 2003. Táimid ag imirt ag an ngrád Idirmheánach ón mbliain 2004.

Ba bhliain iontach do Chumann Peile Cill na Martra í 2013. Bhí an bua againn i Roinn an Réigiún Thoir Fé 15, Fé 16 agus Mionúir agus i gcraobh ‘Féile Fé14’ ag grád ‘B’. Buaicphointe na bliana áfach ná Craobh an Chontae fé16 a bhuachaint don tarna bliain as a chéile.

Eolas Eile

Páirc an Chumainn: Páirc Uí Chuana. Osclaíodh an pháirc go hoifigiúil sa bhliain 2000.
Dathanna: Bán agus Gorm
Ceantar: Cill na Martra agus Réidh na nDoirí
Imreoir Cáiliúil: Nollaig Ó Laoire

History

Football has been played in the parish of Cill na Martra in the Múscraí Gaeltacht since the foundation of the GAA in 1884 and before. The first recorded victory of the club occured in 1887 in a 21 aside match versus the team of Ballinagree.

From then on until the re-establishment of the club in 1978, football had been played on a irregular basis. Since 1978 the club has gone from strength to strength achieving wins at Under 12, 13,14,15,16, minor, Under 21, Junior B and Junior A grades. We have been playing at the intermediate grade in Cork since 2004.

2013 was a special year with Cill na Martra being successful in winning the East Region Under 15, Under 16 and Minor titles and the Cork Feile B title for Under 14.

The crowning achievement of course was our success in the Under 16 County Final for the second year running.

Other Information

Club Grounds: Páirc Uí Chuana, opened since 2000.
Colours: White and Blue
Area: Cill na Martra and Réidh na nDoirí
Well known Player: Nollaig Ó Laoire